
Is togra é an Coiste Logainmneacha a bunaíodh i 1992 chun dul i ngleic leis an bhfadhb ar a thug Iar-Aire sa Roinn Chomhshaoil an ‘Tuscany Downs’ Syndrome – eastáit tithíochta nua á n-ainmniú le hainmneacha nach bhfuil aon bhaint acu leis an timpeallacht, stair na háite nó teanga na háite, ar nós ‘Tuscany Downs’. Bunaíodh An Coiste Logainmneacha
chun ainmneacha oiriúnacha Gaeilge a thabhairt do thógálaithe eastát tithíochta nua sa chathair.
Tá ionadaithe ar an gCoiste ó eagraíochtaí éagsúla sa chathair le cúlraí agus saineolas éagsúla, ionas go mbeidh ainmneacha á roghnú agus baint acu leis an gceantar ina bhfuil siad, chomh maith le timpeallacht fhisiciúil na cathrach. Déanann an Coiste ainmneacha i nGaeilge a mholadh, atá simplí go leor gur féidir le daoine nach bhfuil Gaeilge acu iad a fhuaimiú. I measc na n-eastát atá ainmnithe ag an gCoiste tá Cluainín Cluneen (little meadow), Sáilín Saw lean (little heel), An Logán An Lug On (little hollow) agus Luí na Gréine Lee na Grain Ya (setting of the sun). Ní hamháin go bhfuil na hainmneacha ag luí leis an gceantar ina bhfuil an t-eastát, ach tá siad ag cur le cothú timpeallachta dhátheangaí.
Tá 99% d’eastáit i gcathair na Gaillimhe ainmnithe i nGaeilge inniu. Tá áiteanna eile in Éirinn ag déanamh aithris ar shampla na Gaillimhe agus ag bunú coiste dá gcuid féin. Guíonn muid gach rath orthu!



