Seoladh oifigiúil Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2017

Seoladh oifigiúil Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2017 

agus fógairt urraí an  Ghradaim

inniu,  ag 12 meán lae, Dé Máirt,  24 Eanáir 2017

Déanfaidh Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Noel Larkin, Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2017 a sheoladh go hoifigiúil agus urraí Ghradaim 2017 a gradam2017-iomhafhógairt ag preasócáid sa PorterShed, ag 12 meán lae, Dé Máirt, 24 Eanáir 2017. Cuirfidh an ócáid seo tús le bliain speisialta do Ghaillimh le Gaeilge agus iad ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód i mbliana.  Tá Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, Gradam Gnó Dátheangach na Gaillimhe cúig bliana déag ar an bhfód i mbliana.

Tugann an Gradam seo aitheantas agus údar ceiliúrtha do ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí i gcathair na Gaillimhe as an nGaeilge a úsáid ina ngnó ar bhonn laethúil. Ainmníodh an Gradam in onóir an Uasail Seosamh Ó hÓgartaigh [nach maireann], ball bunaithe agus rúnaí cuideachta Ghaillimh le Gaeilge.

Tá Gradam Sheosaimh Úí Ógartaigh, eagraithe ag Gaillimh le Gaeilge i gcomhar leis an Galway Advertiser agus le tacaíocht ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe, oscailte d’ainmniúcháin anois. Is féidir do ghnó féin a ainmniú nó is féidir leat gnó duine eile a ainmniú don Ghradam. An spriocdháta d’ainmniúcháin ná; Dé Luain, 13 Feabhra 2017. Gliogáil anseo chun iontráil a dhéanamh ar líne nó déan teagmháil le 091 568876.

Catagóir/Category: Gradamg

Comments are closed.