Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh fógartha

13/03/2012

Mar chuid den cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge, d’fhógair Méara Cathrach na Gaillimhe, an Comhairleoir Hildegarde Naughton, Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh inniu [13 Márta 2012] ag preasócáid in Ionad na Faiche Móire. Tá forás ollmhór tagtha ar ghnólachtaí dhátheangacha i gcathair na Gaillimhe – bhí sé seo le tabhairt faoi deara i  mbliana mar go bhfuair an painéal moltóireachta é an-deacair gearrliosta de chomhlachtaí a roghnú do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh.

Gearrliosta do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2012 le fógairt mar chuid de Cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge.

07/03/2012

Mar chuid den cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge, fógróidh Méara Cathrach na Gaillimhe, an Comhairleoir Hildegarde Naughton, Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí  Ógartaigh 2012, Dé Máirt, 13 Márta 2012 ag 11.30r.n ar urlár na talún in Ionad na Faiche Móire, An Fhaiche Mhór, Gaillimh (in aice le Sails Café).

Seachtain na Gaeilge – Give Irish a go!

01/03/2012

Tá Conradh na Gaeilge, Gaillimh le Gaeilge agus pobal gnó na Gaillimhe ag seoladh scéime nua píolóta mar chuid den cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge. Rinne Eimear Ní Chonaola, TG4 a an scéim phíolóta nua seo a sheoladh go hoifigiúil ag  Dé Luain 5 Márta 2012 ar an bhFaiche Mhór. Tugtar cuireadh do gnólachtaí agus don phobal an oiread Gaeilge is gur féidir leo a labhairt agus iad ag dul i mbun a ngnó laethúil. Má tá tú ag ceannacht do pháipéar nuachta i Holland’s, cáca milis i mBácús Uí Ghríofa nó ag ordú cupán tae i ‘Cupán Tae’, iarrtar ort é a dhéanamh trí Ghaeilge.

Catagóir/Category: News

Lón Gnó ar 29 Feabhra 2012

21/02/2012

Beidh Lón Gnó na Míosa seo ar siúl ag 1.00i.n., Dé Céadaoin, 29 Feabhra 2019, i mBialann ‘Teach na Céibhe’, Sráid na Céibhe, Gaillimhe. Chun suíochán a chur in áirithe déan teagmháil leis an oifig ag (091) 568876 nó cuir r-phost chuig eolas@gleg.ie.

Catagóir/Category: News

Cuairt FULBRIGHT ar Ghaillimh

21/02/2012

Catagóir/Category: News

An Ghaeilge – Give Irish a Go!

15/02/2012

Tá Gaillimh le Gaeilge i gcomhpháirtíocht le Seachtain na Gaeilge ag glaoch ar ghnólachtaí chun páirt a ghlacadh sa bhfeachtas ‘An Ghaeilge – Give Irish a Go’!

Táimid sa tóir ar ghnólachtaí atá sásta an ‘cúpla focal’ a úsáid agus iad i mbun gnó laethúil i rith Seachtain na Gaeilge 2012 (5-17 Márta).

Déan teagmháil linn anseo ag eolas@gleg.ie nó cuir glaoch ag 091 568876.

Cuir do ghnó chun tosaigh i rith Seachtain na Gaeilge! Le haghaidh tuillleadh eolais faoi Sheachtain na Gaeilge tabhair cuairt ar www.snag.ie

Catagóir/Category: News

Gaeilge do Lá Fhéile Vailintín

07/02/2012

Mar is eol do chách, beidh Lá Fhéile Vailintín á cheiliúradh againn an mhí seo agus mar sin bheartaigh muid cúpla frása grámhar a chur ar fáil díobh le húsáid ar chártaí, teachtaireachtaí, biachláir nó póistéirí! Ná bíodh aon drogall ort teagmháil a dhéanamh le Gearóidín chun aistriúchán a fháil ar aon bhiachlár speisialta do Lá Fhéile Vailintín nó aon téarmaí eile ar 091 568876 nó gearoidin@gleg.ie.

Catagóir/Category: Gaeilge sa Ghnó

Úsáid na Gaeilge sa Ghnó

01/02/2012

Tá Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh oscailte d’ainmniúcháin anois go dtí Déardaoin 9 Feabhra 2012.

Tá deis ag do chomhlacht duaiseanna agus buntáistí luach os cionn €19,000 a bhuachan, urraithe ag gnólachtaí áitiúla. Tuilleadh eolais ag 091 568876 nó  http://www.gleg.ie/tograi/gradam-sheosaimh-ui-ogartaigh/an-leagan-amach/

Lón Gnó Mhí Feabhra

27/01/2012

Tá Lón Gnó Mhí Feabhra ar siúl i mBialann Viña Mara, An tSráid Láir, Gaillimh, Déardaoin, 2 Feabhra 2012 ag 1.00i.n.-2.00i.n. Seo é an chéad lón gnó den bhliain agus ba bhreá linn sibh a fheiceáil ann!

Catagóir/Category: News

Léiríonn an Ghaeilge buntáistí don ghnó ag Tráthnóna Eolais an Ghradaim.

25/01/2012

Léiríonn an Ghaeilge buntáistí don ghnó ag Tráthnóna Eolais an  Ghradaim

Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh oscailte d’ainmniúchán!

 

Bhí slua breá i láthair ag tráthnóna eolais Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a bhí ar siúl Dé Máirt, 24 Eanáir 2012 in Óstán an Menlo Park, Tír Oileáin, Gaillimh. D’eagraigh Gaillimh le Gaeilge an ócáid seo i gcomhar le ‘Óstán an Menlo Park’ (Buaiteoirí an Ghradaim 2011) chun cuidiú le gnólachtaí ullmhú agus páirt a ghlacadh i nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh. Ní gá duit a bheidh líofa sa Ghaeilge chun páirt a ghlacadh sa Ghradam clúiteach seo.

Catagóir/Category: Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh