Scoil Earraigh don Phleanáil Teanga

21/02/2012

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Tugann Ollscoil na hÉireann Gaillimh cuireadh daoibh freastal ar an tríú Scoil Earraigh don Phleanáil Teanga a bheidh á reáchtáil in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh Dé Luain 5 Márta 2012.

Is iomaí faisnéis agus fianaise a thugann le fios go bhfuil mionteangacha an domhain á sáinniú in éigeandáil shoch-chultúrtha. Cíorfar mar sin téama na hathnuachana teanga agus na forbartha pobail i mbliana féachaint le plé agus beartais mhisnigh in aghaidh na cinniúna seo a ghiniúint.

Glacfaidh cainteoirí ó Éirinn agus ó Albain páirt sa Scoil Earraigh le súil is go spreagfar plé agus machnamh ar réimsí éagsúla na hathnuachana teanga, agus ar na ceachtanna atá le foghlaim ón gcomhthéacs leathan sóisialta, polaitíochta agus cultúrtha ina bhfuil cinniúint mionteangacha an domhain ag brath.

I measc na n-aoíchainteoirí beidh: an Dr. Gillian Munro, Sabhal Mòr Ostaig, Alba; an Dr. Michelle Macleod, Ollscoil Obar Dheathain, Alba; Ivan Mac Philp, Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe – Maigh Eo ; an Dr. Brian Ó Curnáin, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath; an Dr. Tony Varley, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

 

Tuilleadh Eolais:  laoise.nithuairisg@oegaillimh.ie nó (091) 495310

Is é €30 táille na Scoile i mbliana (mic léinn saor in aisce).

 

 

Catagóir/Category: News

Lón Gnó ar 29 Feabhra 2012

21/02/2012

Beidh Lón Gnó na Míosa seo ar siúl ag 1.00i.n., Dé Céadaoin, 29 Feabhra 2019, i mBialann ‘Teach na Céibhe’, Sráid na Céibhe, Gaillimhe. Chun suíochán a chur in áirithe déan teagmháil leis an oifig ag (091) 568876 nó cuir r-phost chuig eolas@gleg.ie.

Catagóir/Category: News

Cuairt FULBRIGHT ar Ghaillimh

21/02/2012

Catagóir/Category: News

An Ghaeilge – Give Irish a Go!

15/02/2012

Tá Gaillimh le Gaeilge i gcomhpháirtíocht le Seachtain na Gaeilge ag glaoch ar ghnólachtaí chun páirt a ghlacadh sa bhfeachtas ‘An Ghaeilge – Give Irish a Go’!

Táimid sa tóir ar ghnólachtaí atá sásta an ‘cúpla focal’ a úsáid agus iad i mbun gnó laethúil i rith Seachtain na Gaeilge 2012 (5-17 Márta).

Déan teagmháil linn anseo ag eolas@gleg.ie nó cuir glaoch ag 091 568876.

Cuir do ghnó chun tosaigh i rith Seachtain na Gaeilge! Le haghaidh tuillleadh eolais faoi Sheachtain na Gaeilge tabhair cuairt ar www.snag.ie

Catagóir/Category: News

Gaeilge do Lá Fhéile Vailintín

07/02/2012

Mar is eol do chách, beidh Lá Fhéile Vailintín á cheiliúradh againn an mhí seo agus mar sin bheartaigh muid cúpla frása grámhar a chur ar fáil díobh le húsáid ar chártaí, teachtaireachtaí, biachláir nó póistéirí! Ná bíodh aon drogall ort teagmháil a dhéanamh le Gearóidín chun aistriúchán a fháil ar aon bhiachlár speisialta do Lá Fhéile Vailintín nó aon téarmaí eile ar 091 568876 nó gearoidin@gleg.ie.

Catagóir/Category: Gaeilge sa Ghnó

Úsáid na Gaeilge sa Ghnó

01/02/2012

Tá Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh oscailte d’ainmniúcháin anois go dtí Déardaoin 9 Feabhra 2012.

Tá deis ag do chomhlacht duaiseanna agus buntáistí luach os cionn €19,000 a bhuachan, urraithe ag gnólachtaí áitiúla. Tuilleadh eolais ag 091 568876 nó  http://www.gleg.ie/tograi/gradam-sheosaimh-ui-ogartaigh/an-leagan-amach/

Lón Gnó Mhí Feabhra

27/01/2012

Tá Lón Gnó Mhí Feabhra ar siúl i mBialann Viña Mara, An tSráid Láir, Gaillimh, Déardaoin, 2 Feabhra 2012 ag 1.00i.n.-2.00i.n. Seo é an chéad lón gnó den bhliain agus ba bhreá linn sibh a fheiceáil ann!

Catagóir/Category: News

Léiríonn an Ghaeilge buntáistí don ghnó ag Tráthnóna Eolais an Ghradaim.

25/01/2012

Léiríonn an Ghaeilge buntáistí don ghnó ag Tráthnóna Eolais an  Ghradaim

Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh oscailte d’ainmniúchán!

 

Bhí slua breá i láthair ag tráthnóna eolais Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a bhí ar siúl Dé Máirt, 24 Eanáir 2012 in Óstán an Menlo Park, Tír Oileáin, Gaillimh. D’eagraigh Gaillimh le Gaeilge an ócáid seo i gcomhar le ‘Óstán an Menlo Park’ (Buaiteoirí an Ghradaim 2011) chun cuidiú le gnólachtaí ullmhú agus páirt a ghlacadh i nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh. Ní gá duit a bheidh líofa sa Ghaeilge chun páirt a ghlacadh sa Ghradam clúiteach seo.

Catagóir/Category: Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh

Gaillimh le Gaeilge ag eagrú Tráthnóna Eolais faoi Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh

10/01/2012

Gradam Gnó Dhátheangach na Gaillimhe oscailte d’ainmniúcháin anois

Tá Gaillimh le Gaeilge, i bpáirt le buaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh na bliana anuraidh, Óstán an Menlo Park, ag eagrú Tráthnóna Eolais faoin Ardghradam seo ar an Máirt 24 Eanáir 2012 ó 6.30 i.n. go 7.30 i.n. in Óstán an Menlo Park, Gaillimh. Is Gradam bhliantúil é seo a  ‘a aithníonn’, ‘a onóraíonn’ agus ‘a chomórann’ an obair mhór dhátheangach ar fad a dhéantar i gCathair na Gaillimhe. Ainmníodh an Gradam in onóir an Uasail Seosamh Ó hÓgartaigh, [nach maireann] ball bunaithe agus rúnaí cuideachta Ghaillimh le Gaeilge.

Is deis iontach í seo do ghnólachtaí le bheith i lár an aonaigh mar ghnólacht/chomhlacht atá bródúil as a bheith ag úsáid na Gaeilge ina ghnó.  Cuireann Gaillimh le Gaeilge an tseirbhís ‘Gaeilge sa Ghnó’  ar fáil, saor in aisce do ghnólachtaí/d’eagraíocht chun cuidiú leo cur isteach ar an nGradam. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin seirbhís seo, déan teagmháil le Gaillimh le Gaeilge ar 091 568876 nó cur ríomhphost chuig gearoidin@gleg.ie.

Catagóir/Category: Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh

Tráthnóna Eolais faoi Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh

05/01/2012

Beidh Tráthnóna Eolais á eagrú ag Gaillimh le Gaeilge Dé Máirt, 24 Eanáir 2012 ag 6.30i.n. go 7.30 i.n. in Óstán an Menlo Park, buaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh na bliana seo. Is ócáid dhátheangach í seo agus is deis iontach atá ann chun casadh le hiarbhuaiteoirí an Ghradaim agus fáil amach conas ar éirigh leo an Gradam a bhaint amach.  Beidh gach eolas agus foirmeacha iarratais ar fáil ar an oíche agus beidh sólaistí ar fáil chomh maith.  

Beidh míle fáilte roimh chách.

Tá an Gradam oscailte d’ainmniúcháin anois go dtí Déardaoin 9 Feabhra 2012.  Is féidir cur isteach ar ar líne anseo:  http://www.gleg.ie/tograi/gradam-sheosaimh-ui-ogartaigh/an-leagan-amach/

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le Gaillimh le Gaeilge ar 091 568876 nó eolas@gleg.ie

Catagóir/Category: Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh