Míle buíochas do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe

Ba mhaith le Bord Stiúrtha agus Foireann Ghaillimh le Gaeilge buíochas ó chroí a ghabháil le Comhairleoirí  Cathrach na Gaillimhe agus leis an bPríomhfheidhmeannach, Brendan McGrath, as ucht maoiniú de €50,000 a chur ar fáil don eagraíocht do 2018 ag an gcruinniú Búiséid aréir.

Tá a dtacaíocht riachtanach chun cuidiú linn leanúint ar aghaidh lenár gcuid oibre chun Gaillimh a choinneáil difriúil agus uathúil le húsáid na Gaeilge agus muid ag tabhairt aghaidh ar ár mbliain mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa in 2020.

President of Ireland Michael D. Higgins & his wife Sabina with Cllr Frank Fahy, Galway City Mayor & Brendan McGrath, CEO Galway City Council & City Councillors at the launch in Galway City Hall on Monday of the initiative to declare Galway City a Bilingual City. Photo: Joe Travers.

Catagóir/Category: Uncategorized

Comments are closed.