Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh – Struchtúr nua seolta do 2012

Iggy Ó Muircheartaigh, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Tony Dawson, Fáilte Ireland, (urra an Ghradaim) Noreen D’Arcy, D’Arcy Marketing & PR, (urra an Ghradaim) Leas-Mhéara Cathrach na Gaillimhe, an Comhairleoir Frank Fahy agus Siubhán Nic Grianna, Údarás na Gaeltachta (urra an Ghradaim) ag Teacht le Chéile na Nollag Chairde Ghaillimh le Gaeilge, in Óstán an Meyrick, An Fhaiche Mhór, Gaillimh le déanaí. Ag an ócáid seo, sheol Leas-Mhéara Cathrach na Gaillimhe, an Comhairleoir Frank Fahy, struchtúr nua Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh.

Sheol Leas-Mhéara Cathrach na Gaillimhe, an Comhairleoir Frank Fahy struchtúr nua Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ag ‘Teacht le Chéile na Nollag’ Chairde Ghaillimh le Gaeilge a bhí ar siúl le déanaí in Óstán an Meyrick, An Fhaiche Mhór, Gaillimh.  Eagraíonn Gaillimh le Gaeilge an Gradam seo i gcomhar leis an Galway Advertiser agus le tacaíocht Chumann Tráchtála na Gaillimhe chun aitheantas a thabhairt do chomhlachtaí agus d’eagraíochtaí i gCathair na Gaillimhe, a thaispeánann an Ghaeilge in úsáid ar bhealach ‘dáiríre,’ ‘cruthaitheach’ agus ‘feiceálach’ ina ngnó/eagraíocht agus a léiríonn an tionchar a lean as seo ar an bhfoireann agus ar íomhá dhátheangach na Cathrach.

Beidh ceithre chatagóir i gceist le Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh do 2012. Is iad sin; Miondíol’, ‘Fáilteachas & Turasóireacht’, ‘Seirbhísí’, agus ‘Comhlachtaí Eile’. Roghnófar gearrliosta ón gceithre chatagóir agus roghnófar buaiteoir iomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh as buaiteoirí na gceithre chatagóir. Chun tacú leis an struchtúr nua, tá Fáilte Ireland agus D’Arcy Marketing & PR  tagtha ar bord mar urraí nua an Ghradaim do 2012. Ina theannta sin, tá Údarás na Gaeltachta ag déanamh urraíochta ar na macasamhail don Ghradam ar feadh dhá bhliain bhreise. Bronnfar na macasamhail ar bhuaiteoirí na gceithre chatagóir agus tá siad seo deartha go speisialta ag an ealaíontóir cáiliúil Pádraic Reaney.  

Rinne an Leas-Mhéara, an Comhairleoir Frank Fahy comhghairdeas le Gaillimh le Gaeilge as na forbairtí nua agus lean sé ar aghaidh ag rá “creidim go spreagfaidh na forbairtí seo gnólachtaí chun páirt a ghlacadh sa Ghradam agus dá thoradh sin go mbeidh méadú suntasach le tabhairt faoi deara ar úsáid na Gaeilge ar shráideanna na cathrach, rud a thabharfaidh muid níos gaire do Stádas Dátheangach a bhaint amach don chathair.” D’fhógair sé chomh maith go raibh Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag tabhairt €50,000 do Ghaillimh le Gaeilge in 2012.

Pádraig Ó Beaglaoich, Stiúrthóir Ghaillimh le Gaeilge, Maeve Joyce-Crehan, Cumann Tráchtála na Gaillimhe, Seán Ó Leidhinn, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Leas-Mhéara Cathrach na Gaillimhe, an Comhairleoir Frank Fahy agus Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Iggy Ó Muircheartaigh, ag baint sult as Teacht le Chéile Chairde Ghaillimh le Gaeilge sa Hotel Meyrick. Ag an ócáid seo, sheol Leas-Mhéara Cathrach na Gaillimhe, an Comhairleoir Frank Fahy, struchtúr nua Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh.

Labhair Iggy Ó Muircheartaigh, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, ag an ócáid chomh maith agus chuir sé fáilte roimh fhógra an Leas-Mhéara go raibh an Comhairle Cathrach ag leanúint lena tacaíocht do Ghaillimh le Gaeilge do 2012. Dúirt sé “ tacaíocht na Comhairle Cathrach thar a bheith luachmhar do Ghaillimh le Gaeilge. Cabhraíonn sé linn ár gcuid seirbhísí i gcur chun cinn na Gaeilge sa chathair a choinneáil do mhuintir na Gaillimhe. Táimid an-bhuíoch díobh.” Ghlac an Cathaoirleach buíochas chomh maith leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta as ucht a  dtacaíocht  i rith 2011 agus dúirt “braitheann rath agus dul chun cinn Ghaillimh le Gaeilge ar an dtacaíocht reatha a fhaigheann muid ó Roinn na Gaeltachta. Tá sé thar a bheith tábhachtach dúinn, go mbeidh an tacaíocht cheanna againn arís do 2012 ionas go mbeidh muid in ann leanúint ar aghaidh ag obair linn, chun infheictheacht agus úsáid na Gaeilge a mhéadú sa chathair chun stádas dátheangach a bhaint amach di.”  Ghlac sé buíochas le hurraí nua an Ghradaim ag rá;“Táim buíoch chomh maith do Fáilte Ireland, D’Arcy Marketing & PR agus Údarás na Gaeltachta as ucht a dtacaíochta do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh do 2012. Cuideoidh an comhpháirtíocht seo eadrainn chun próifíl an Ghradaim agus na Gaeilge a ardú sa chathair”.

Is cúis áthais do Ghaillimh le Gaeilge chomh maith, go bhfuil urraí reatha an Ghradaim ag leanúint lena dtacaíocht do 2012. Sa phacáiste urraíochta a bheidh an Galway Advertiser, (príomhurra) á bhronnadh ar Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, beidh luach fógraíochta de €15,000 agus gheobhaidh an buaiteoir iomlán Pacáiste Fógraíochta de luach €5,000.  Ina theannta sin, gheobhaidh an buaiteoir iomlán, feachtas poiblíochta náisiúnta atá deartha go speisialta dóibh mar aon le Ceardlann Comhairliúchán agus Caidreamh Poiblí agus Margaíochta luach €4,000 ó D’Arcy Marketing & PR. Gheobhaidh buaiteoirí na gceithre chatagóir, pacáiste gnó de luach €2,000 urraithe ag gnólachtaí agus eagraíochtaí áitiúla. Ina measc tá; Fáilte Ireland, Galway Bay FM, Snap Galway, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe.

Tá an Gradam oscailte d’ainmniúcháin anois go dtí Déardaoin 9 Feabhra 2012.  Sa bhliain nua, beidh tráthnóna eolais á eagrú ag Gaillimh le Gaeilge Dé Máirt, 24 Eanáir 2012 ag 6.30i.n. go 8.30 i.n. in Óstán an Menlo Park, buaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh na bliana seo. Is ócáid dhátheangach í seo agus is deis iontach atá ann chun casadh le hiarbhuaiteoirí an Ghradaim agus fáil amach conas ar éirigh leo an Gradam a bhaint amach.  Beidh gach eolas agus foirmeacha iarratais ar fáil ar an oíche agus beidh sólaistí ar fáil chomh maith.  Beidh míle fáilte roimh chách.

Cuireann Gaillimh le Gaeilge an tseirbhís ‘Gaeilge sa Ghnó’ ar fáil, saor in aisce do ghnólachtaí/d’eagraíocht chun cuidiú leo ullmhú don Ghradam. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, déan teagmháil le do thoil, le Gaillimh le Gaeilge ar:  091-568876.  Is féidir foirm iarratais agus tuilleadh eolais a fháil anseo.

    Catagóir/Category: News

    Comments are closed.