Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2017 – OSCAILTE ANOIS

Is cúis áthais do Ghaillimh le Gaeilge a fhógairt go bhfuil Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2017, oscailte d’ainmniúcháin anois! Eagraíonn Gaillimh le Gaeilge an Gradam Gnó dátheangach seo i gcomhar leis an Galway Advertiser agus le tacaíocht ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe. Tugann sé aitheantas agus údar ceiliúrtha do ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí i gcathair na Gaillimhe as an nGaeilge a úsáid ina ngnó ar bhonn laethúil.

Déanann an Ghaeilge uathúlacht chultúrtha na Gaillimhe a neartú. Bígí linn leis an nGaeilge cur i lár an aonaigh agus muid ag druidim i dtreo ár GRADAM_AWARD-Preasmbliain mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa 2020. Iarraimid oraibh an deis a thapú agus do chomhlacht nó d’eagraíocht a chur san áireamh do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2017! Beidh Gradam 2017 mar bhuaicphointe ar cheiliúradh Ghaillimh le Gaeilge de 30 bliain ar an bhfód.

Tapaigh an deis!
Is deis iontach é an Gradam chun gnó breise a fháil trí úsáid na Gaeilge, cur le do phróifíl maraon le poiblíocht fhorleathan agus ardmholadh do do ghnó/do d’eagraíocht sna meáin chumarsáide Ghaeilge agus Bhéarla.

Beidh Gaillimh le Gaeilge ar fáil SAOR IN AISCE chun cuidiú leat ó thús go deireadh an phróisis.

Gliogáil anseo chun iontráil a dhéanamh ar líne:
http://www.gleg.ie/tograi/gradam-sheosaimh-ui-ogartaigh/conas-iontr%C3%A1il/

Tuilleadh eolais ag +353 91 568876 nó gearoidin@gleg.ie.

#GradamGleG

PRÍOMHURRA AN GHRADAIM

Advertiser_Nua

 

 

 

 

 

 

URRAÍ AN GHRADAIM

TG4_New_Logo_web  
   
Failte Ireland web gbfm web
logo
URRAÍ TACAÍOCHTA AN GHRADAIM
ARO_logo
 

 

 

 

 

 
 
Catagóir/Category: Gradamg

Comments are closed.