Gaillimh le Gaeilge ag eagrú Tráthnóna Eolais faoi Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh
Gradam Gnó Dhátheangach na Gaillimhe oscailte d’ainmniúcháin anois
Tá Gaillimh le Gaeilge, i bpáirt le buaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh na bliana anuraidh, Óstán an Menlo Park,
ag eagrú Tráthnóna Eolais faoin Ardghradam seo ar an Máirt 24 Eanáir 2012 ó 6.30 i.n. go 7.30 i.n. in Óstán an Menlo Park, Gaillimh. Is Gradam bhliantúil é seo a ‘a aithníonn’, ‘a onóraíonn’ agus ‘a chomórann’ an obair mhór dhátheangach ar fad a dhéantar i gCathair na Gaillimhe. Ainmníodh an Gradam in onóir an Uasail Seosamh Ó hÓgartaigh, [nach maireann] ball bunaithe agus rúnaí cuideachta Ghaillimh le Gaeilge.
Is deis iontach í seo do ghnólachtaí le bheith i lár an aonaigh mar ghnólacht/chomhlacht atá bródúil as a bheith ag úsáid na Gaeilge ina ghnó. Cuireann Gaillimh le Gaeilge an tseirbhís ‘Gaeilge sa Ghnó’ ar fáil, saor in aisce do ghnólachtaí/d’eagraíocht chun cuidiú leo cur isteach ar an nGradam. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin seirbhís seo, déan teagmháil le Gaillimh le Gaeilge ar 091 568876 nó cur ríomhphost chuig gearoidin@gleg.ie.
Sheol Leas-Mhéara Cathrach na Gaillimhe, an Comhairleoir Frank Fahy, struchtúr nua an Ghradaim do 2012 le gairid. Tá ceithre chatagóir i gceist agus is iad sin; ‘Miondíol’, ‘Fáilteachas & Turasóireacht’, ‘Seirbhísí’, agus ‘Comhlachtaí Eile’. Roghnófar gearrliosta ón gceithre chatagóir agus roghnófar buaiteoir iomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh as buaiteoirí na gceithre chatagóir. Is deis iontach atá sa Tráthnóna Eolais seo chun casadh le hiarbhuaiteoir an Ghradaim agus fáil amach conas ar éirigh leo an Gradam a bhaint amach. Déanfaidh moltóirí an Ghradaim cur síos ar an bpróiséas moltóireachta agus beidh Foireann Ghaillimh le Gaeilge ar fáil le haon cheisteanna a fhreagairt agus le cabhrú leat ullmhú don Ghradam. Labhróidh David Keane ó Óstán an Menlo Park faoin nGradam a bhuachan agus conas ar chabhraigh sé leis a bhranda a neartú agus a ghnó a chur chun cinn. Beidh foirmeacha iarratais ar fáil ar an oíche agus beidh soláistí ar fáil chomh maith. Fáilte roimh cách.
Ag an ócáid seo, cuirfear fáilte roimh Údarás na Gaeltachta atá ag déanamh urraíochta ar na macasamhail don Ghradam ar feadh dhá bhliain bhreise eile. Bronnfar na macasamhail ar bhuaiteoirí na gceithre chatagóir agus tá siad seo deartha go speisialta ag an ealaíontóir cáiliúil Pádraic Reaney. Glacann siad páirt in ngrúpa bunaithe de hurraí Gaillimheacha eile. Ina measc tá; Galway Advertiser, D’Arcy Marketing & PR, Fáilte Ireland, Galway Bay FM, Snap Galway, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe. Is fiú breis agus €19,000 luach iomlán na nduaiseanna agus buntáistí óna gnólachtaí áitiúla seo.
Ní gá duit a bheidh líofa sa Ghaeilge chun páirt a ghlacadh sa Ghradam chlúiteach seo. Tá an Gradam seo oscailte go dtí Déardaoin 9 Feabhra 2012 do chomhlachtaí agus d’eagraíochtaí atá cláraithe agus i mbun gnó i gcathair na Gaillimhe agus nach bhfuil bainteach i gcur chun cinn na Gaeilge nó nach bhfuil faoi choimire Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Déan teagmháil le Gaillimh le Gaeilge le haghaidh bróisiúir nó is féidir cuir isteach ar an nGradam ar líne.
Go n-éirí an t-ádh libh!



