Tá céimeanna ginearálta ann mar threoir do chomhlachtaí ach tá Gaillimh le Gaeilge sásta comhairle a chur ar fáil d’aon chomhlacht nó eagraíocht maidir leis an gcur chuige is feiliúnaí dá gcás ar leith.

Ken Walsh, Food 4 Thought, lasmuigh den chomharthíocht dhátheangach atá ag an mbialann seo
Céim 1 – Plean
Níor cheart d’aon chomhlacht athrú a dhéanamh chuig an dátheangachas thar oíche is cuma céard iad na hacmhainní atá acu. Tá sé i bhfad níos éifeachtaí roinnt Gaeilge a fhí isteach i do ghnó diaidh ar ndiaidh thar tréimhse ama socraithe agus aidhmeanna a bheith leagtha amach ón tús. Is féidir le Gaillimh le Gaeilge cabhrú leat an plean seo a chruthú. Féach Seirbhís ‘Gaeilge sa Ghnó’.
Céim 2 – Tosaigh leis na rudaí beaga
Molann muid do chomhlacht réimse amháin a roghnú ar dtús chun roinnt Gaeilge a fhí isteach ann agus dátheangachas an chomhlachta a fhorbairt as sin. D’fhéadfadh comhlacht leagan dhátheangach a roghnú dá stáiseanóireacht, mar shampla, agus sin a úsáid nuair atá stáiseanóireacht nua á dhéanamh acu.
• ‘Dea-mhéin’ a bheith scríofa ar do chuid nótaí dea-mhéine – tuigfidh daoine céard is ciall leis na focail ón gcomhthéacs!
• Bain úsáid as leagan Gaeilge do bhaile/chathair ar do chuid stáiseanóireachta – tuigeann daoine gur ‘Galway’ an chiall atá le Gaillimh.
• Spreag an fhoireann le ‘slán’ a úsáid ar an bhfón – bíonn seo thar a bheith éifeachtach!
Céim 3 – Bí le feiceáil agus creidfear tú!
Léiríonn comharthaíocht, bíodh sé lasmuigh nó laistigh, branda, eiteas, agus nádúr an chomhlachta. De ghnáth bíonn sé mar an chéad pointe teagmhála feiceálach – is páirt mhór í san earnáil mhiondíola chun custaiméirí a mhealladh isteach sa ghnó. Ní gá go gcuirfeadh comharthaíocht dhátheangach as don bhranda nó don logo. Leis an bhfírinne a rá déanann sé an chomharthaíocht difriúil agus níos spéisiúla.
- Smaoinigh ar ‘Gaillimh’ a úsáid in áit ‘Galway’ ar thaobh an chomhartha
Tá tuilleadh moltaí le fáil ar an leathanach Comharthaíocht
Céim 4: Breise Breise
Breathnóidh muid anois ar do chuid ábhar margaíochta breise. S’éard atá i gceist anseo nó do chuid fógraíochta, bróisiúir, bileoga, cártaí tuairimí – go bunúsach aon rud a chuireann tú i gcló nó a bhaineann tú úsáid as chun do ghnó a chur chun cinn i measc do chuid cliaint idir chliaint reatha agus nua. Iarr ar do dhearthóir nó do chlódóir, nuair atá tá athdhearadh nó athchló á dhéanamh ar ábhar, roinnt Gaeilge a chur san áireamh san ábhar. Bain úsáid as cinnteidil dhátheangacha más rud é nach bhfuil mórán spáis agat. D’fhéadfá b’fhéidir roinnt frásaí i nGaeilge a bheith san áireamh sa bhileog/bhróisiúr. Dar ndóigh, d’fhéadfá smaoineamh faoin ábhar go léir a bheith dhátheangach! Tá comhairle faoi leagan amach agus dearadh le fáil ag – ‘Comhairle do Dhearthóirí’
Áirítear le hábhar breise:
Doiciméid níos faide (mar shampla Tuarascáil Bhliantúil, Doiciméad Straitéise ‘srl)
Bileoga
Foirmeacha
Sonraisc, Billí & Foirmeacha Ordaithe
Ábhar Taispeántais
Pacaistiú
Ábhar Pointe Díolacháin
Fógraíochtaí Cló
Fógraíochtaí Raidió & Teilifíse
Céim 5: Suímh Idirlín Iontacha
Is geata an-tábhachtach atá i do shuíomh idirlín – agus is bealach iontach agus éasca é chun do chuid dhátheangachais a chur in iúl! Molann muidne, is cuma an suíomh idirlín iomlán dhátheangach atá le bheith agat nó an Ghaeilge a bheith san áireamh le roinnt de do chuid cinnteidil agus téacs, go mbeadh an dá theanga le feiceáil ar mhórchuid na leathanach – sa chaoi go mbeidh an dátheangachas le mothú acu siúd atá á úsáid trí Bhéarla agus vice versa.
Céim 6: An bhfuil Gaeilge agat?
Cuir é in iúl do do chuid custaiméirí má tá sé d’ádh agat cainteoirí Gaeilge a bheith ag obair i do ghnó! Is acmhainn iontach í más rud é go bhfuil na cainteoirí Gaeilge i do ghnó ar a suaimhneas ag obair trí Ghaeilge (seiceáil sin leo ar dtús)! Is maith le cainteoirí Gaeilge é, de ghnáth, más féidir leo a gcuid gnó a chur i gcrích trí mheán na Gaeilge, ach caithfidh fios a bheith acu cé aige/aici atá an Ghaeilge. Tá gach comhlacht difriúil agus beidh a gcur chuige féin acu maidir leis an gceist seo ach d’fhéadfá pictiúr a bheith agat den bhall foirne le Gaeilge agus ‘Seirbhís i nGaeilge ar fáil’ scríofa taobh thíos de, nó b’fhéidir gur mhaith leat suaitheantas nó córas aitheantais éigin a bheith agat do chainteoirí Gaeilge.




