Is féidir le húsáid na Gaeilge cur go mór le do ghnó agus tuilleadh gnó a mhealladh ar bhealach simplí agus ar chostas íseal.
Is féidir leat an Ghaeilge a úsáid i go leor bealaí sa ghnó –
mar shampla
ar chomharthaí, ar stáiseanóireacht, ar bhiachláir, i mbróisiúir, suíomh greásáin, na meáin shóisialta agus tríd seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil.
Níl aon ghá go mbeadh Gaeilge agat chun an Ghaeilge a úsáid i do ghnó – tá Gaillimh le Gaeilge anseo chun cabhrú leat!
Tá go leor fáthanna leis an nGaeilge a úsáid i do ghnó. Seo a leanas roinnt acu:
- Is fiú breis agus €136 milliún an Ghaeilge do Chathair agus do Chontae na Gaillimhe? Buntáistí geilleagracha na Gaeilge a fheictear i gCathair na Gaillimhe agus i nGaeltacht na Gaillimhe, 2009 [Bane Mullarkey Teo. i gcomhpháirtíocht le Jerome Casey & a Chomh. Teo]
- Cruthaíonn an teanga dea-mhéin ar chostas íseal – tá go leor Éireannach an-báúil don Ghaeilge faoi láthair, agus fonn orthu í a thuiscint agus a fhoghlaim.
- Meallann an teanga custaiméirí nua i measc lucht labhartha agus foghlama na teanga ach go háirithe – tá bunús custaiméara láidir ag cathair na Gaillimhe, agus roghnóidh go leor acu gnó a bhaineann úsáid as an nGaeilge thar gnó eile nach n-úsáideann.
- Léiríonn úsáid na Gaeilge ‘radharc fadtéarmach’ – léiríonn fógraíocht i nGaeilge aitheantas, ní hamháin d’éagsúlacht teangan ach d’éagsúlacht chultúrtha agus cúlra chomh maith.
- Is féidir le húsáid na teanga íomhá dhifriúil a léiriú agus meas d’earraí agus seirbhís den scoth.
- Is féidir leis an nGaeilge cabhrú le híomhá Éireannach, agus le húinéireacht Éireannach a chur trasna.
- Meallann sé turasóirí – is mian le turasóirí a bheith in áit a fhéachann agus a mhothaíonn difriúil.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi úsáid na Gaeilge i do ghnó gliogáil anseo.



