Úinéireacht

Sprioc Straitéiseach 3 – Úinéireacht  na Gaeilge ag an bpobal a shaothrú i bpobal na cathrach

Ó tháinig Gaillimh le Gaeilge ar an bhfód in 1987 chuireamar an smaoineamh chun cinn go leanúnach, maidir leis an nGaeilge agus íomhá dhátheangach chathair na Gaillimhe a bheith in úinéireacht an phobail. Ní amháin go ndaingnítear mórtais áitiúil maidir leis an nGaeilge agus maidir leis an gcathair mar áit dhifriúil uathúil, ach go dtugtar deis freisin don phobal baint a bheith acu leis an teanga agus í a úsáid ar leibhéal neamhfhoirmiúil. Ní mór do Ghaillimh le Gaeilge oibriú ‘ar an talamh’ le pobal na cathrach leis an sprioc sin a bhaint amach. Braithfidh mar a éireoidh leis sin ar mar a éireoidh le réimsí eile ach beidh gá le sraith gníomhartha ar leith le go mbainfear torthaí dearfacha amach.

Leanann Gaillimh le Gaeilge ag forbairt agus ag neartú comhoibriú le grúpaí eile i gCathair na Gaillimhe chun an aidhm seo a bhaint amach. I measc na ngrúpaí go bhfuil nasc láidir déanta leo tá;

  • Comhairle Cathrach na Gaillimhe
  • Cumann Tráchtála na Gaillimhe
  • Cumann Ghnó Chathair na Gaillimhe
  • Fáilte Ireland
  • Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
  • ITGM

Bíonn teagmháil rialta chomh maith le scátheagraíochtaí gnó eile sa chathair.  Ina measc tá;

  • An Cheathrú Mheánaoiseach
  • Cairde Ghaillimh le Gaeilge
  • Craobh na Gaillimhe den Vintners’ Association of Ireland,
  • Craobh na Gaillimhe den Irish Hotels Federation,
  • Craobh na Gaillimhe den Restaurant Association
  • Galway BPW
  • Grúpaí pobail
  • Network Gaillimh
  • Pobal na nEalaíon
  • VEC Chathair na Gaillimhe