Sprioc Straitéiseach 2 – Normalú na Gaeilge i gcathair na G
aillimhe a chur chun cinn trí mhodhanna scríofa,clostuisceana, leictreonacha agus labhartha.
Oibríonn Gaillimh le Gaeilge i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Cathrach, Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus grúpaí eile chun normalú na Gaeilge a bhaint amach i gcathair na Gaillimhe trí na tograí seo a leanas;
- Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh
- Gaeilge Á La Carte
- Gaeilge sa Ghnó
- Eolaire Gnó
- Gaeilge agus Fáilte
- Gaeilge ar na Callairí
- An Cosite Logainmneacha
-
Cuirimid comhairle agus tacaíocht phraiticiúil a chur ar fáil do chomhlachtaí atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid ina ngnó, go háirithe mar uirlis núíosach mhargaíochta.
- Cuirmid tús le tograí dátheangacha a dhéantar forbairt orthu thar ama le grúpaí eile
-
Cothaíonn muid teagmháil leanúnach leis an lucht gnó trí chlár ilghnéitheach sóisialta agus nasctha, lena n-áirítear nuachtlitir mhíosúil, DEIS agus
-
Eagraíonn muid lónta gnó agus ócáidí sóisialta chun úsáid na Gaeilge a eascú, a chur chun cinn, a chothú agus a neartú i gcathair na Gaillimhe.
Tá sé mar aidhm ag Gaillimh le Gaeilge go dtarlóidh sé go mbeidh an Ghaeilge le cloisteáil,le feiceáil agus á húsáid i gcathair na Gaillimhe mar ghnáthchuid de shaol na cathrach. Tá sé i gceist againn atmaisféar de normalú teanga a bhunú don Ghaeilge de réir a chéile agus go nglacfar leis an nGaeilge agus go mbeidh súil leis an nGaeilge i saol bríomhar na cathrach. Síneann normalú isteach i ngach cuid den chathair agus bíonn tionchar aige ar gach gné de shaol na cathrach – ó bheith ag ceannach builín go teach a cheannach. Is éard a bheidh i gceist leis ná an Ghaeilge a úsáid trí shreanga uile an tsaoil,ó leibhéal an ghnó go leibhéal an phobail agus ón leibhéal poiblí go dtí an leibhéal príobháideach. Ní hé go bhfuil sé i gceist go mbeadh an Ghaeilge éigeantach,ach go nglacfaí leis an nGaeilge mar ghnáthchuid de shaol na Gaillimhe nuair a fheicfear í, nuair a chloisfear í agus nuair a labharfar í. Is laistigh de thimpeallacht normálaithe teanga a shamhlaíonn Gaillimh le Gaeilge cothú agus fás sláintiúil na Gaeilge.



