Tuigimid cuireadh duit a bheith páirteach linn san obair ag cur Cathair na Gaillimhe chun cinn mar Chathair dhátheangach chun stádas dátheangach a bhaint amach di.
Chun na buntáistí poitéinsiúla a bhaint amach agus chun luach na Gaeilge do chathair na Gaillimhe a chinntiú, iarraimid oraibh tacú linn agus;
- Os cionn €136 milliún a chinntiú do Chathair agus do Chontae na Gaillimhe gach bliain
- Ár gcáil náisiúnta agus idirnáisiúnta mar chathair chultúrtha a bhfuil meas aici ar a hoidhreacht a choinneáil
- Gné uathúil dhíolacháin na Gaillimhe a choinneáil
- ‘Táirge uathúil’ dár Tionscal Turasóireachta a choinneáil
Tá do thacaíocht riachtanach d’fheidhmiú laethúil Ghaillimh le Gaeilge.
Is féidir leat do chairdeas a thabhairt dúinn trí;
- An fhoirm Chairde a íoslódáil
- Íocaíocht a dhéanamh linn trí Paypal
- Glaoch orainn ag 091 568876 nó ríomhphost a sheoladh chugainn le do thoil ag eolas@gleg.ie
Is féidir leat tacú le Gaillimh le Gaeilge mar ‘Cara’, ‘ Cara Maith’ nó ‘Dlúthchara’ – gach ceann lena mbuntáistí féin acu.
Bí mar Chara againn ar €70. Gheobhaidh tú na buntáistí seo a leanas;
- Cuirí Eisiacha chuig Lónta Gnó Ghaillimh le Gaeilge ag rátaí lascaine agus cuirí chuig imeachtaí sóisialta ar nós Cóisir na Nollag agus Bairbiciú an tsamhraidh.
- Nuachtlitir mhíosúil, DEIS chun thú a choinneáil suas chun dáta le nuacht agus imeachtaí faoi Ghaillimh le Gaeilge agus imeachtaí dátheangacha i gcathair na Gaillimhe
- Aitheantas ar shuíomh ghréasáin Ghaillimh le Gaeilge
- Greamáin Fhuinneoige Chairde (ag taispéaint do chuid tacaíochta dúinn)
- Dialann agus Bliainiris Chairde Ghaillimh le Gaeilge (Cóip amháin)
Bí mar Chara Maith againn ar €220. Gheobhaidh tú na buntáistí ar fad thuas mar aon le;
- Seirbhís Aistriúcháin*
- Seirbhís ‘Gaeilge sa Ghnó’
- Dialann agus Bliainiris Chairde Ghaillimh le Gaeilge (Dhá Chóip)
Bí mar Dhlúthchara againn ar €750. Gheobhaidh tú na buntáistí ar fad thuas mar aon le;
- Aitheantas ar ghnáthábhar priontáilte Ghaillimh le Gaeilge (DEIS, Tuarascáil Bhliantúil, Dialann Chairde Ghaillimh le Gaeilge) ag léiriú do chuid tacaíochta d’obair an chomhlachta.
- Seirbhís PR – Poiblíocht a dhéanamh ar thograí agus seirbhísí do chomhlachta sna meáin Ghaeilge,
- Aitheantas ar shuíomh ghréasáin Ghaillimh le Gaeilge mar ‘DLÚTHCHARA’.
- Is féidir leat comhlacht a ainmniú agus gheobhaidh siad seirbhísí ‘CARA’ saor in aisce ar feadh bliana!
- Dialann & Bliainiris Chairde Ghaillimh le Gaeilge – cóipeanna breise do do chuid fostaithe
*Téarmaí agus coinníollacha ag baint leis an seirbhís aistriúcháin
Is féidir gliogáil anseo chun íocaíocht a dhéanamh ar líne trí Paypal
Tuilleadh eolais déan teagmháil le do thoil le Gaillimh le Gaeilge ag 091 568876 nó eolas@gleg.ie




