Buaicphointí

Táimid fíorbhuíoch den Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, atá ag tabhairt  tacaíochta riachtanach agus luachmhar don togra ó bunaíodh muid i 1987 tríd an gCrannchur Náisiúnta.  Ba mhaith linn buíochas a ghabháil chomh maith, leis an gComhairle Cathrach, Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus ar ndóigh lenár gCairde go léir as ucht a dtacaíochta luachmhar.

Seo a leanas roinnt de bhuaicphointí na heagraíochta ó bunaíodh í;

1987:  Coiste na Gaeilge bunaithe ag Cumann Tráchtála na Gaillimhe.

1987:  ‘Na Tionchair Shoceacnamaíocha Áitiúla a bhaineann le Gaeltacht na Gaillimhe’ le  M.S. Ó Cinnéide agus  M.J.Keane foilsithe agus seolta.

1987:  Bunaíodh Gaillimh le Gaeilge.

1991-94:  Tugann Gaillimh le Gaeilge an Fhéile Phan-Cheilteach go Gaillimh le haghaidh 4 bliana.

1992:  Bunaíodh An Coiste Logainmneacha i gcomhar leis an gComhairle Cathrach agus le tógalaithe na Cathrach chun ainmneacha oiriúnacha Gaeilge a thabhairt do thógálaithe eastát tithíochta nua sa chathair. Tá 99% d’eastáit i gcathair na Gaillimhe ainmnithe i nGaeilge inniu.

1999:  I gcás-staidéar faoi Ghaillimh le Gaeilge dar teideal The cost-effectiveness evaluation of minority language policies’ [François Grin agus François Vaillancourt], dúradh gurb é Gaillimh le Gaeilge an dara heagraíocht is éifeachtaí san Eoraip do chur chun cinn teanga agus cultúir.

1999:  An chéad UMB (ATM) le seirbhís i nGaeilge seolta i mBanc na hÉireann, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Scaip an tseirbhís ar fud chathair na Gaillimhe, Contae na Gaillimhe agus na tíre go luath ina dhiaidh sin.

2001:  Scéim Cairde Ghaillimh le Gaeilge seolta i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe.

2002:  Bunaíodh Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe.

2004:  Bronnadh an Séala Eorpach Teanga ar Ghaillimh le Gaeilge.

2003: Seoladh an CD ROM ‘Gaillimh- Cathair Dhátheangach’ i gcomhar le Hewlett-Packard Galway agus cuireadh é i láthair ag Comhdháil ‘Partnership for Diversity’ i Helsinki.

2005:  Gradam an Mhéara bronnta ar Ghaillimh le Gaeilge

2006:  Rinneadh Athbhrandáil ar Chumann Tráchtála na Gaillimhe leis an manna ‘I mbun Gnó ar son Gnó’. B’iad an  t-aon Chumann sa tír {26 cinn) a d’úsáid manna Gaeilge.

2006:  Plean Straitéiseach Ghaillimh le Gaeilge 2006-2008 foilsithe agus seolta. Céim nua forbartha do chathair na Gaillimhe taca a chur faoina féiniúlachta agus faoina saintréithe níos mó ná rinne sí riamh cheana agus gníomh fhíreannach chinnte a thógáil chun í a chinntiú mar chathair dhátheangach amach anseo.

2006:  Struchtúr nua Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh  seolta le tacaíocht Údarás na Gaeltachta.

2007Is suíomh foirfe í Cathair na Gaillimhe do Chathair Dhátheangach – Staidéar Taiscéalaíoch ar an Dátheangachas i gCathair na Gaillimhe i  gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta foilsithe agus seolta.  Léiríonn an staidéar gur suíomh foirfe í Cathair na Gaillimhe do Chathair Dhátheangach, agus go bhfuil idir chainteoirí Gaeilge agus iad siúd nach labhraíonn Gaeilge den tuairim go mbeadh tairbhe le baint ag an gCathair as stádas dátheangach. Cuideodh an stádas dátheangach go mór le cathair na Gaillimhe agus leis an réigiún mórthimpeall agus cuirfidh sé freisin leis na buntáistí a bheadh ar fáil do thionscal na turasóireachta áitiúil.  

Méara Cathrach na Gaillimhe, Niall Ó Brolcháin, Caitlín Nic an Ultaigh, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge agus an tAire Éamon Ó Cuív ag seoladh ‘ ‘Staidéar Taiscéalaíoch ar an Dátheangachas i gCathair na Gaillimhe’ i gComhairle Cathrach na Gaillimhe.

2007: Gradaim an Mhéara bronnta ar Ghaillimh le Gaeilge

2008:  Séala Sheosaimh Uí Ógartaigh  ‘Q Marc’ don Ghaeilge i gCathair na Gaillimhe deartha agus seolta i gcomhar le Bord Fiontar  Contae agus Cathrach na Gaillimhe.

2008‘Gaeilge agus Fáilte’ – Píosaí deisce agus greamaitheoirí d’fhuinneoga le fáil ag léiriú gur féidir Seirbhís i nGaeilge a fháil ón té atá á n-úsáid.

2009:  Is  fiú os cionn €136 milliún an Ghaeilge do gheilleagar Chathair agus Chontae na Gaillimhe go bliantúilBuntáistí Geilleagracha na Gaeilge a fheictear i gCathair na Gaillimhe agus i nGaeltacht na Gaillimhe’ le Bane Mullarkey Teo.  i gcomhpháirtíocht le Jerome Casey & a Chomh. Teo – a chur in iúl gur fiú os cionn €136 milliún an Ghaeilge do gheilleagar Chathair agus Chontae na Gaillimhe go bliantúil, tacaíonn sí le breis agus 5,000 post agus creideann níos mó ná 90% de ghnólachtaí Chathair na Gaillimhe gur gné uathúil í d’íomhá agus d’fhéiniúlacht chultúrtha na Gaillimhe foilsithe agus seolta.

2009:  Pioc Suas Mé! – Give Irish a Go seolta i gcomhar le Snap Galway chun ceiliúradh a dhéanamh ar theacht Rás Aigéin Volvo  go Gaillimh.   Is féidir leat an leabhráin seo a fháil deartha go speisialta dod’ ghnó  féin ar tháille an-íseal. Is féidir leat 1,000 leabhrán a cheannach  ar €250.

2010:  Bronnadh Speisialta na Moltóirí: Don chéad uair riamh, rinne na moltóirí an cinneadh aitheantas speisialta a thabhairt do dhá chomhlacht a chuir isteach den chéad uair ar Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh  agus a bhain ardchaighdeán amach.

2010: Gaeilge À La Carte:   Sheol Méara Cathrach na Gaillimhe, an Comhairleoir Michael Crowe an togra seo,  sa Kings Head, ar an Sráid Ard.  Is togra é seo chun Óstáin, Bialanna, Tithe Tábhairne a úsáideann an Ghaeilge ar a gcuid biachláir a chur chun cinn. Tá na bialanna seo liostáilte agus curtha ar fáil ar shuíomh ghréasáin Ghaillimh le

President of Ireland Michael D. Higgins & his wife Sabina with Cllr Frank Fahy, Galway City Mayor & Brendan McGrath, CEO Galway City Council & City Councillors at the launch in Galway City Hall on Monday of the initiative to declare Galway City a Bilingual City. Photo: Joe Travers.

President of Ireland Michael D. Higgins & his wife Sabina with Cllr Frank Fahy, Galway City Mayor & Brendan McGrath, CEO Galway City Council & City Councillors at the launch in Galway City Hall on Monday of the initiative to declare Galway City a Bilingual City. Photo: Joe Travers.

Gaeilge, www.gleg.ie mar bhialanna le biachláir dhátheangacha.   

2011: Choimisiúnaigh Gaillimh le Gaeilge an comhlacht taighde neamhspleách, Edgecast Media Ltd., chun tabhairt faoi an staidéar Staid teangeolaíoch chomhaimseartha na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe a shonrú” chun tacú le cás na Gaillimhe stádas dátheangach oifigiúil a bhaint amach di féin.

2016: D’fhógair Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn Gaillimh mar Chathair Dhátheangach ag Cruinniú Speisialta de Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.