DEIS – Samhain 2017

Na scéalta is déanaí ó Ghaillimh le Gaeilge

Plean Teanga ar na Bacáin do Ghaillimh

Tá Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Gaillimh (CSPT Gaillimh) ag lorg tairiscintí do chomhairleoir Padraic_O_Conaireoiriúnach chun Plean teanga a ullmhú do Chathair na Gaillimhe de réir fhorálacha Alt 9 d’Acht na Gaeltachta 2012.

Bhunaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Gaillimh le Gaeilge CSPT Gaillimh, coiste stiúrtha nua le tacú le agus treoir a thabhairt d’ullmhú agus seachadadh plean teanga do Chathair na Gaillimhe. Tá ionadaíocht ar an gcoiste ó na hearnálacha poiblí, príobháideach, pobail agus deonacha i gCathair na Gaillimhe.

Tuilleadh eolais ar an bplean teanga seo, féach suíomh gréasáin eTenders: http://www.etenders.gov.ie/.

__________________________________________________________________________________________________________

Comhairle Cathrach na Gaillimhe – Bliain spreagúil agus tháirgiúil eile in 2018

Ba mhaith le Bord Stiúrtha agus Foireann Ghaillimh le Gaeilge buíochas ó chroí a ghabháil le Comhairleoirí Cathrach na Gaillimhe agus leis an bPríomhfheidhmeannach, Brendan McGrath, as ucht maoiniú de €50,000 a chur ar fáil don eagraíocht do 2018. Tá a dtacaíocht riachtanach chun cuidiú linn leanúint ar aghaidh lenár gcuid oibre chun Gaillimh a choinneáil difriúil agus uathúil le húsáid na Gaeilge agus muid ag tabhairt aghaidh ar ár mbliain mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa in 2020.

________________________________________________________________________________________________________________

Gaillimh Dhátheangach ar Winning Streak

Cuireadh Cathair Dhátheangach na hÉireann ar ardán náisiúnta ar an gclár teilifíse Winning Streak, RTÉ 1, Dé Sathairn seo caite. Ar an gclár, léiríodh gnónna i gCathair na Gaillimhe atá ag baint leasa as an nGaeilge chun gnó a mhealladh agus iad féin a chur chun cinn. Má chaill tú an clár, tá sé le feiceáil anseo:

_____________________________________________________________________________________________________________________________________________

Cairde á lorg

Tá Scéim Chairde athraithe go dtí bliain féilire anois. Is iad lucht gnó na Gaillimhe croílár obair Ghaillimh le Gaeilgelogo Cairde cropped agus gan bhur dtacaíocht ní bheadh muid in ann ár gcuid seirbhísí dátheangacha a chur ar fáil do mhuintir na Gaillimhe. 

Bheadh muid fíorbhuíoch dár gCairde ach iad a bheith cláraithe linn roimh 31 Eanáir 2018.

Is féidir teacht ar boird ar líne trí PayPal anseo – http://www.gleg.ie/fuinn/cairde-ghaillimh-le-gaeilge/foirm-chairde/

Go raibh míle maith agaibh!

Seo a leanas na Cairde is déanaí atá againn:

Cara:

Mary Lane Heneghan.

____________________________________________________________________________________________________________

Tá Daidí na Nollag ar a bhealach 

Beidh ‘Cóisir na Nollag’ Chairde Ghaillimh le Gaeilge ar siúl, Déardaoin, 14 Nollaig 2017 i  gClub  Áras na nGael, Sráid Dhoiminic ó 6.00i.n. go 8.30i.n.  Beidh Daidí na Nollag linn arís i mbliana, mar sin, na dean dearmad bronntanas beag luach €5 do mhála na Nollag!  Beidh ceol le Mick Crehan agus a Chairde agus cuirfear sólaistí ar fáil.

traditional-music-session

_______________________________________________________________________________________________________________

Bíodh sé ina ‘Nollaig Shona’ agaibh!

Ná déan dearmad beannachtaí Nollag i nGaeilge nó dátheangacha a úsáid ar bhróisiúir, ar bhiachláir, iNollaig_Shona ríomhphoist agus i maisiúcháin don Nollaig.  Níl aon ghá go mbeadh Gaeilge líofa/scríofa agat chun an Ghaeilge a úsáid i do ghnó, tá Gaillimh le Gaeilge anseo chun cabhrú leat!

Cuimhnigh freisin, nach mbíonn sé riamh ró-luath duit ullmhú do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018! Déan teagmháil linn inniu le do thoil ag 091 568876 nó ag eolas@gleg.ie  

 

Nollaig agus Athbhliain faoi Shéan is faoi Mhaise Duit
Wishing You Peace and Happiness for Christmas and the New Year

Ba mhaith le (company name) Nollaig Shona agus Beannachtaí na hAthbhliana a ghuí ar ár gcustaiméirí uile
We wish all Our Customers a Merry Christmas and a Happy New Year

Nollaig Shona agus Athbhliain faoi mhaise dár gcustaiméirí uile
Happy Christmas & a Healthy & Prosperous New Year to all our Customers

Beannachtaí na Nollag ort
Christmas Greetings

Nollaig faoi Shéan is faoi mhaise
Christmas Greetings

Seol chugainn teachtaireachtaí atá agaibh chuig eolas@gleg.ie agus tabharfaidh muid an leagan Gaeilge daoibh agus fáilte.

____________________________________________________________________________________________________________________________________
 Dlúthchairde Ghaillimh le Gaeilge 2017

Roinn_Cultuir_Oidhreachta_Gaeltachta_beag
S205BAN
Post gretb_logo_colour
New Galway GAA Crest (3) logo_Europus

IDA

Eyre SQ Logo_plus Irish-02 Advertiser_Nua OE Gaillimh_nua1
 
 

Faigheann Gaillimh le Gaeilge maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta tríd an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ó Chairde Ghaillimh le Gaeilge i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe.
 

 

Catagóir/Category: Nuachtlitir

Comments are closed.