DEIS na Samhna 2016

Na scéalta is déanaí ó Ghaillimh le Gaeilge: 

An Ghaeilge sa Ghnó

Tá réimse leathan gnólachtaí áitiúla agus náisiúnta ag déanamh a gcuid féin den Ghaeilge agus ag neartú cháil na Gaillimhe mar chathair chultúrtha.

Ní hiontas ar bith é seo mar sin go bhfuil an chéad chathair in Éirinn le stádas dátheangach ag leanúint ar aghaidh ag ceiliúradh agus ag tacú le teideal na Gaillimhe mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020.

Tá muid ag iarraidh ar ghnólachtaí na Gaillimhe ceiliúradh a dhéanamh in éineacht linn agus úsáid na Gaeilge a mhéadú ina ngnó. D’fhéadfadh sé a bheith chomh simplí le ‘Fáilte’ nó ‘Slán Abhaile’ a chur ar an doras, ceannteidil dhátheangacha a chur ar bhiachlár nó ‘Go raibh maith agat’ a rá agus iad ag déileáil le custaiméirí.

g_sa_g_web

________________________________________________________________

Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh

Gradam Banner 2011_web

Tá áthas ar Ghaillimh le Gaeilge go bhfuil duais-chiste Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh slánaithe againn arís do 2017! Tá luach os cionn €25,000 de bhuntáistí agus de dhuaiseanna bainteach le Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh mar aon le poiblíocht fhorleathan agus ardmholadh do do ghnó/do d’eagraíocht sna meáin chumarsáide Ghaeilge agus Bhéarla. Seolfar Gradam 2017 i mí Eanáir na bliana seo chugainn agus ar ndóigh beidh tábhacht ar leith ag baint leis de bharr go bhfuil Gaillimh le Gaeilge ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód!

Eagraíonn Gaillimh le Gaeilge Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh i gcomhar leis an Galway Advertiser agus le tacaíocht Chumann Tráchtála na Gaillimhe. Is deis iontach í an Gradam do ghnólachtaí iad féin a chur i lár an aonaigh de bharr an dátheangachais sa ghnó. 

Má tá spéis agat an Ghaeilge a úsáid i do ghnó nó páirt a ghlacadh i nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2017, déan teagmháil le Gaillimh le Gaeilge ar 091 568876 nó eolas@gleg.ie

________________________________________________________________

Make it a ‘Nollaig Shona’

Nollaig agus Athbhliain faoi Shéan is faoi Mhaise Duitnollaig_shona_o_ghaillimh

Wishing You Peace and Happiness for Christmas and the New Year

Ba mhaith le (company name) Nollaig Shona agus Beannachtaí na  hAthbhliana a ghuí ar ár gcustaiméirí uile

We wish all Our Customers a Merry Christmas and a Happy New Year

Nollaig Shona agus Athbhliain faoi mhaise dár gcustaiméirí uile

Happy Christmas & a Healthy & Prosperous New Year to all our Customers

Beannachtaí na Nollag ort

Christmas Greetings

Nollaig faoi Shéan is faoi mhaise

 Christmas Greetings

Seol chugainn teachtaireachtaí atá agaibh chuig eolas@gleg.ie agus tabharfaidh muid an leagan Gaeilge daoibh agus fáilte.

_____________________________________________________________________________________

Cairde Ghaillimh le Gaeilge

Táimid ag teannadh le deireadh na bliana! An bhfuil tú mar ’CARA’ linn fós? Cuidíonn do thacaíocht leanúnach linn an Ghaeilge a chur chun cinn níos éifeachtaí sa chéad chathair in Éirinn a bhfuil stádas dátheangach aici agus láidreoidh sé freisin ár stádas mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020. Tuilleadh eolais ach glaoch le do thoil ar (091) 568876 nó r-phost a sheoladh chuig     eolas@gleg.ie. Gliogáil anseo chun íoc ar líne trí PayPal. 

DLÚTHCHARA     logo Cairde cropped

Ionad na Faiche Móire

CARA MAITH 

Tigh Chóilí

 

CARA

Mary Lane Heneghan

Socos Teo.

 

Míle buíochas!

______________________________________________________________________________

Imeachtaí na Míosa

Beidh Lón Gnó  mhí na Samhna ar siúl ó 1.00i.n.-2.00i.n i quays

mBialann Theach na Céibhe, Sráid na Céibhe ar an gCéadaoin, 23 Samhain 2016.

 

Chun suíochán a chur in áirithe  déan teagmháil leis an oifig ag (091) 568876 nó seol r-phost chuig eolas@gleg.ie

___________________________________________________________________________________

Comhghairdeas Tuillte ag ár gCairde

Bhí Cairde de chuid Ghaillimh le Gaeilge i lár an aonaigh agus iad ag ceiliúradh breithlaethanta móra le mí anuas. Ba mhaith linn comhghairdeachas ó chroí a dhéanamh lenár gCairde TG4, Standún, agus The Treasure Chest.

_________________________________________________________________

Gradaim Chumann Tráchtála na Gaillimhe

Comhghairdeas lenár ár gCairde atá ainmnithe ar an nGearrliosta do Ghradaim Chumann Tráchtála na Gaillimhe:

Galway_Chamber_web

Gach rath freisin le Altocloud, atá ainmnithe ar an nGearrliosta chomh maith. Tá Stiúrthóir Ghaillimh le Gaeilge, Barry O’Sullivan mar Phríomhfheidhmeannach ar an gcomhlacht seo atá lonnaithe sa PorterShed.

Fógrófar na buaiteoirí ag Bál Chumann Tráchtála na Gaillimhe ar an 19 Samhain in Óstán an Radisson Blu Hotel and Spa.

Gach rath libh!

_____________________________________________________________________

Seanfhocal na Míosa:

Imíonn an tuirse is fanann an tairbhe

________________________________________________________________________________

 Dlúthchairde Ghaillimh le Gaeilge 2016

dahg-logo Post gretb_logo_colour
New Galway GAA Crest (3) logo_Europus
eyre_square Advertiser_Nua
OE Gaillimh_nua1     Top_Oil_beag
Faigheann Gaillimh le Gaeilge maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta tríd an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ó Chairde Ghaillimh le Gaeilge i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe.
Catagóir/Category: Nuachtlitir

Comments are closed.