DEIS Márta 2017

Seo a leanas na scéalta is déanaí ó Ghaillimh le Gaeilge

Gradam_Banner

Ainmniúcháin an Ghradaim le fógairt go luath

Tá 18 ainmniúchán istigh ar an nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh i mbliana agus iad ar fad breá sásta an Ghaeilge a úsáid ar bhonn laethúil ina gcuid gnónna. Fógrófar na hainmniúcháin sa Galway Advertiser i rith Seachtain na Gaeilge ar an 9 gradam2017-iomhaMárta 2017 . I gCathair atá de shíor ag fás agus ag forbairt, is cúis atháis dúinn fáilte speisialta dúinn a chur roimh 14 gnó a chur isteach ar an nGradam don chéad uair i mbliana. Tá cúpla seachtain spreagúil amach romhainn agus muid ag fáil réidh don ócáid bhronnta tráth a fhógrófar buaiteoirí na gcatagóirí mar aon le buaiteoir iomlán an Ghradaim, an cúigiú Treibh déag de Ghaillimh don bhliain amach romhainn!

Slí an Atlantaigh Fhiáin ag cuidiú go mór le borradh a chur faoi ghnólachtaí na Gaillimhe ag mealladh turasóirí agus cuairteoirí araon chuig an gcathair uathúil seo. Tá úsáid na Gaeilge sna tionscail miondíola, turasóireachta agus seirbhísí i gCathair na Gaillimhe ina dhlúthchuid den eispéireas cultúrtha a fhaigheann  na turasóirí agus na  cuairteoirí ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin mar go gcloiseann said an teanga agus go bhfeiceann said muintir na Gaillimhe á húsáid mar chuid dá saol laethúil.

I mbliana, tá luach €23,000  de dhuaischiste bainteach le Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh i mbliana, pacáiste duaiseanna den scoth mar aon le poiblíocht fhorleathan sna meáin agus dár ndóigh an teidéal clúiteach mar an cúigiú Treibh déag de Ghaillimh.

PRÍOMHURRA AN GHRADAIM

Advertiser_Nua

 

 

 

 

 

 

URRAÍ AN GHRADAIM

TG4_New_Logo_web  
   
Failte Ireland web gbfm web
logo

 

URRAÍ TACAÍOCHTA AN GHRADAIM
ARO_logo

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

______________________________________________________________________________

Moltóirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2017 fógartha

Tá painéal láidir neamhspleách ag déanamh moltóireachta ar Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh arís i mbliana agus tá an-áthas ar Ghaillimh le Gaeilge a fhógairt gurb iad sin; An tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Déan Scoil Ghnó an Choláiste, Ollscoile Bhaile Átha Cliath, Clíona Ní Mhurchú, Bainisteoir Réigiúnach, Top Oil, (Buaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2016) Tony Barrett, Stiúrthóir WESTBIC, agus Sonya Nic Lochlainn,  Bainisteoir Seirbhísí Corparáideacha, Údarás na Gaeltachta, moltóirí na bliana seo. Tiocfaidh moltóirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh le chéile chun an Gearrliosta a roghnú ag tús mhí an Aibreáin. 

________________________________________________________________________

Gaillimh le Gaeilge ag lorg ‘Teach Nua’ do na Lónta Gnó!

Tá  Gaillimh le Gaeilge  i gcónaí ag lorg ionaid nua chun óstáil a  dhéanamh ar na lónta gnó míosúla a eagraítear agus chuige sin,  táimid GALC_web_DEISsa tóir ar bhialanna agus ar óstáin i gcathair na Gaillimhe a bhfuil an Ghaeilge in úsáid acu go rialta nó go mbeadh spéis acu Gaeilge a úsáid ar na biachláir.

Tá Gaillimh le Gaeilge lánsásta comhairle a thabhairt do bhialanna ar leagan amach an bhiachláir agus ar an méid Gaeilge a bheadh oiriúnach sa bhiachlár. Cuirimid seirbhís aistriúcháin ar fáil saor in aisce chomh maith.

Tá  na hóstáin agus bialanna le biachláir dhátheangach luaite ar   ‘GAEILGE À LA CARTE’  – is liosta é seo do bhialanna agus d’óstáin i gcathair na Gaillimhe atá ar fáil. Más mian leatsa an Ghaeilge a úsáid ar do bhiachlár agus a bheith curtha san áireamh ar an liosta seo, déan teagmháil le Gearóidín ar 091 568876 nó seol r-phost chuig eolas@gleg.ie

_________________________________________________________________________

#GRMAGaillimh

Tá  Seachtain na Gaeilge 2017 faoi  lánseol!  Tapaigh an deis  agus úsáid an Ghaeilge agus tú ag plé le custaiméirí. Féach ar an bhfíseán seo chun na trí fhrása shimplí a hashTag copychloisteáil  in úsáid. Le haghaidh tuilleadh eolais, gliogáil anseo.

Sheol an Comhairleoir John Walsh, agus é ag déanamh ionadaíochta ar Mhéara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Frank Fahy scéim phíolótach #GRMAGaillimh sa Treasure Chest i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe, Cumman Gnó Chathair na Gaillimhe agus An Cheathrú Mheánaoisesach i rith Seachtain na Gaeilge anuraidh.

_____________________________________________________________________________

Gaeilge sa Ghnó

Trí úsáid na Gaeilge a thabhairt isteach i do ghnó is féidir leat cur lena luach agus gnó a mhealladh ar bhealach simplí agus éifeachtach ó thaobh costais dhe. Níl aon ghá go mbeadh Gaeilge líofa agat chun an Ghaeilge a úsáid i do ghnó – tá Gaillimh le Gaeilge anseo chun cabhrú leat!

Cuireann Gaillimh le Gaeilge an tseirbhís Gaeilge sa Ghnóar fáil, do ghnólachtaí/d’eagraíochtaí chun cuidiú leo an Ghaeilge a shní isteach ina gcuid gnólachtaí. Tapaigh do dheis agus cuir tús leis na hullmhúcháin anois chun gnó dátheangach a fhorbairt! Seo a leanas roinnt samplaí den Ghaeilge in úsáid i gCathair na Gaillimhe le déanaí. 

________________________________________________________________________________

BANNER-2_NUA

Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghlacadh leo siúd atá cláraithe cheana féin linn mar Chairde Ghaillimh le Gaeilge do 2017 mar is sibhse a  choinníonn Gaillimh le Gaeilge i mbarr uisce le bhur dtacaíocht leanúnach. Meabhraíonn muid dóibh siúd nach bhfuil ar bord linn go fóill, clarú linn go luath le bhur dtoil. Is féidir clárú ar líne anseo

DLÚTHCHARA logo Cairde cropped

Cumann Lúthchleas Gael – Coiste Chontae na Gaillimhe

CARA MAITH

Bus Éireann

SCCUL Enterprise Centre

Tigh Neachtain

CARA

B. Hollands Gaelscoil Dara
Bradán Consulting Medtronic
Executive Helicopters Tacsaithe na Gaillimhe
Freeney’s The Connacht Hotel

Galway Peoples’ Resource

Centre/Ionad Acmhainní Mhuintir na Gaillimhe

Tobin Consulting Engineers

_________________________________________________________________________________

Lón Gnó i rith Sheachtain na Gaeilge

Beidh muid ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge 2017 le Lón Gnó ag 1.00i.n., Dé Céadaoin, 15 Márta 2017, i mBialann Maxwells, 14 Sráid Gheata Liam, Gaillimh.

Bí ag faire amach d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge na bliana seo ar http://snag.ie/

SNAG17________________________________________________________________________

 ‘CEOLCHOIRM PHÁDRAIG’ i dTaibhdhearc na Gaillimhe

12 Márta 

Curtha i láthair ag an Taibhdhearc le Bean an Tí, Neansaí Ní Coisdealbha, Raidió na Gaeltachta.

Ceolchoirm don Fhéile le blas traidisiúnta i gcomhar le Tom Cullivan. Beidh ceol den scoth, amhráin agus neart eile ó leithidí –  Seosamh Ó Flaithearta, Pádraigh Ó Cuinneagáin, Annette Cleary ar an Cello agus ar ndóigh Tom Cullivan é féin ar an bpianó. Tuilleadh eolais ar fáil ag www.antaibhdhearc.com. 

Gliogáil anseo chun Clár nua na Taibhdheirce a fheiceáil. 

________________________________________________________________________

RTÉ Raidió na Gaeltachta san Ardeaglais

Beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag craoladh an Aifrinn as an Ardeaglais i gcathair na Gaillimhe ar an 19 Márta 2017 ag a 10.00 a.m.  Is é an tAthair Martin Whelan an ceiliúraí.

catherdal

____________________________________________________________________

Dlúthchairde Ghaillimh le Gaeilge 2017

dahg-logo Post gretb_logo_colour
New Galway GAA Crest (3) logo_Europus
eyre_square Advertiser_Nua OE Gaillimh_nua1
Top_Oil_beag
Faigheann Gaillimh le Gaeilge maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta tríd an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ó Chairde Ghaillimh le Gaeilge i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe.

 

Catagóir/Category: Nuachtlitir

Comments are closed.