DEIS Iúil 2017

Na scéalta is déanaí ó Ghaillimh le Gaeilge: 

An Ghaeilge in airde

Bíonn go leor ag tarlú i gcónaí sa samhradh i gcathair na Gaillimhe agus aimsir na bhféilte faoi lán seoil! DSCF7600Tugaimis rud éigin speisialta don slua mór cuairteoirí a thagann go Gaillimh le go gcuimhneoidh siad ar an bhfáilte mhór chroíúil a cuireadh rompu i nGaillimh. 

Mar sin, má bhíonn tú ag déanamh aon athruithe i do ghnó, déan teagmháil linn le do thoil chun aistriúcháin a fháil agus moltaí ar na bealaí is fearr an Ghaeilge a chur in oiriúint DUITSE agus tá sé SAOR IN AISCE. Gné speisialta agus uathúil í úsáid na Gaeilge i nGaillimh Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020.

RÁSAÍ NA GAILLIMHE
Agus ceann de na féilte rásaíochta is mó sa domhain faoi lán seoil, nach iontach an deis í leis an nGaeilge a shní isteach ar chomharthaíocht, i margaíocht, ar fhógraíocht agus ar bhiachláir a bheas á bhforbairt do Rásaí na Gaillimhe.  

GAILLIMH ABÚ!

Tacaigh le Foireann Iománaíochta na Gaillimhe trí ‘Gaillimh Abú!’ a chur in airde!

IMG_20170627_141704652 IMG-20170701-WA0000
 IMAG1640  Seven

_________________________________________________________________________________________________

Cairde Ghaillimh le Gaeilge

Is sibhse, lucht gnó na Gaillimhe, croílár obair Ghaillimh le Gaeilgelogo Cairde cropped agus gan bhur dtacaíocht ní bheadh muid in ann ár gcuid oibre a chomhlíonadh.

I mbliana, ar mhaithe le cúrsaí riaracháin, tá sé beartaithe ag Bord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge an Scéim Cairde a athrú go dtí bliain féilire. Ó mhí Eanáir 2018, gheobhaidh na Cairde go léir sonrasc don bhliain iomlán – Eanáir go Nollaig 2018. 

Na Cairde is deireanaí atá cláraithe do 2017!

Go raibh míle maith agaibh

CARA MAITH

Byrne Carolan Cunningham

COPE Galway

Gaillimh Aontaithe

Radisson Blu Hotel & Spa

CARA

AIB Bóthar na Trá

Conradh na Gaeilge

Connemara Marble Industries

Eilís Bn Uí Annáin

Galway Bay Gifts

Martec

Treasure Chest

____________________________________________________________________________________________

Cruthaigh gnó breise le húsáid na Gaeilge

Tá Gaillimh le Gaeilge i gcónaí ag lorg ionaid nua chun óstáil a dhéanamh ar na ‘Lónta Gnó’ a eagraíonn muid gach mí. Táimid sa tóir ar bhialanna agus ar óstáin i gcathair na Gaillimhe a bhfuil an GALC_web_DEISGhaeilge in úsáid acu go rialta nó go mbeadh spéis acu Gaeilge a úsáid ar na biachláir.

Táimid lánsásta comhairle a thabhairt do bhialanna ar leagan amach an bhiachláir agus ar an méid Gaeilge a bheadh oiriúnach sa bhiachlár. Cuirimid seirbhís aistriúcháin ar fáil SAOR IN AISCE chomh maith.

Tá liosta de bhiachláir dhátheangacha le fáil ar anseo. Más mian leatsa an Ghaeilge a úsáid ar do bhiachlár, déan teagmháil linn ar 091 568876 nó seol r-phost chuig eolas@gleg.ie.

_______________________________________________________________________________________________________________

Scoláireacht Margaíochta

Mar chuid de chomhfhiontar idir Údarás na Gaeltachta agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe, tá Scoláireacht i Margaíocht, a udaras-editmhaireann suas le dhá bhliain á thairiscint ag Údarás na Gaeltachta d’iarratasóirí Gaeltachta a bhfuil líofacht sa nGaeilge acu.

Duine cumasach le cáilíocht 3ú leibhéal ábhartha agus spéis i gcur Galway Chamber_logo G15chun cinn agus i bhforbairt na Gaeltachta agus gnó sa nGaeltacht atá á lorg. Ní mór d’iarrthóirí ardchaighdeán i scríobh agus i labhairt na Gaeilge a bheith acu chomh maith le scileanna ríomhaireachta, riaracháin agus eagrúcháin.

Íocfar liúntas €23,000 – €25,000 sa bhliain mar aon le costais leis an té a cheapfar. Seoltar iarratas mar aon le Curriculum Vitae, roimh 5.i.n. ar an Aoine 18ú Lúnasa 2017 chuig: An Rannóg Acmhainní Daonna, Údarás na Gaeltachta, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe. Teil: 091 503100 Ríomhphost: o.nicanri@udaras.ie

______________________________________________________________________________________________________________

hashTag copy

 

 

 

Is scéim phíolótach í #GRMAGaillimh chun lucht gnó na Gaillimhe a spreagadh leis an nGaeilge a úsáid go laethúil ina gcuid gnólachtaí.

Seo do sheans an samhradh seo chun ár gcathair dhátheangach álainn a chur chun cinn le trí fhrása shimplí agus tú ag plé le custaiméirí …‘go raibh míle maith agat’, ‘lá maith agat’ agus ‘slán’.

Is deis iontach í seo chun fáilte chroíúil na Gaillimhe a thabhairt do chuairteoirí! 

________________________________________________________________________________________________________________

Urra an Fhulacht Fia 2017:

Joyces_Irish

 

 

 

 

 

 

 

 

 

_____________________________________________________________________________________________
 Dlúthchairde Ghaillimh le Gaeilge 2017

dahg-logo S205BAN Post gretb_logo_colour
New Galway GAA Crest (3) logo_Europus
Eyre SQ Logo_plus Irish-02 Advertiser_Nua OE Gaillimh_nua1
 
 

Faigheann Gaillimh le Gaeilge maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta tríd an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ó Chairde Ghaillimh le Gaeilge i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe.

Catagóir/Category: Nuachtlitir

Comments are closed.