Léiríonn an Ghaeilge buntáistí don ghnó ag Tráthnóna Eolais an Ghradaim.

Léiríonn an Ghaeilge buntáistí don ghnó ag Tráthnóna Eolais an  Ghradaim

Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh oscailte d’ainmniúchán!

 

Bhí slua breá i láthair ag tráthnóna eolais Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a bhí ar siúl Dé Máirt, 24 Eanáir 2012 in Óstán an Menlo Park, Tír Oileáin, Gaillimh. D’eagraigh Gaillimh le Gaeilge an ócáid seo i gcomhar le ‘Óstán an Menlo Park’ (Buaiteoirí an Ghradaim 2011) chun cuidiú le gnólachtaí ullmhú agus páirt a ghlacadh i nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh. Ní gá duit a bheidh líofa sa Ghaeilge chun páirt a ghlacadh sa Ghradam clúiteach seo.

Is í aidhm an Ghradaim ná aitheantas a thabhairt do chomhlachtaí agus d’eagraíochtaí i gCathair na Gaillimhe, a thaispeánann an Ghaeilge in úsáid ar bhealach ‘dáiríre,’ ‘cruthaitheach’ agus ‘feiceálach’ ina ngnó/eagraíocht agus a

Alison McArdle, An Cupán Tae, Alan Cheevers, Barna, agus Bríd Ní Chonghóile Ardfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge ag an Tráthnóna Eolais ar Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a bhí ar siúl in Óstán an Menlo Park ar 24 Eanáir 2012.

léiríonn an tionchar a lean as seo ar an bhfoireann agus ar íomhá dhátheangach na Cathrach. Tá  an Gradam oscailte anois do chomhlachtaí agus d’eagraíochtaí atá ag feidhmiú i gcathair na Gaillimhe agus nach bhfuil faoi choinníoll ag Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 go dtí 9 Feabhra 2012.

Ag an ócáid, cuireadh fáilte roimh fhógra ‘Údarás na Gaeltachta’ a chur in iúl, go bhfuil siad ag déanamh urraíochta ar na macasamhail don Ghradam ar feadh dhá bhliain eile. Glacann siad páirt in ngrúpa bunaithe de hurraí Gaillimheach eile. Ina measc tá; Galway Advertiser, D’Arcy Marketing & PR, Fáilte Ireland, Galway Bay FM, Snap Galway, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe. Is fiú breis agus €19,000 luach iomlán na nduaiseanna agus na mbuntáistí óna gnólachtaí áitiúla seo.

Ag an Tráthnóna Eolais, bhí deis ag daoine casadh le hiarbhuaiteoirí agus le moltóirí an Ghradaim. Labhair David Keane, Óstán an Menlo Park agus buaiteoir Ghradam na bliana 2011, faoin deá-thionchar a bhí ag an nGradam ar gach gné den Óstán agus faoin mbealach ina raibh an Ghaeilge ina cuid de pholasaí dheá-chleachtais an Óstáin anois.

Siubhán Nic Grianna, Údarás na Gaeltachta, (Urra an Ghradaim) An Comhairleoir Frank Fahy, Treasa Uí Lorcáin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, NUI Galway, (Urra an Ghradaim) and Nóirín D’Arcy, D’Arcy Marketing & PR (Urra an Ghradaim) ag an Tráthnóna Eolais ar Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a bhí ar siúl in Óstán an Menlo Park ar 24 Eanáir 2012.

Tá struchtúr nua i bhfeidhm do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2012. Tá ceithre chatagóir i gceist agus is iad sin; Miondíol’, ‘Fáilteachas & Turasóireacht’, ‘Seirbhísí’, agus ‘Comhlachtaí Eile’. Roghnófar gearrliosta ón gceithre chatagóir agus roghnófar buaiteoir iomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh as buaiteoirí na gceithre chatagóir.

Ag labhairt ag an ócáid, dúirt Bríd Ní Chonghóile, Gaillimh le Gaeilge. “Déanann an Gradam ceiliúradh ar an obair dhátheangach go léir atá ar siúl sa chathair.  Is deis iontach í seo d’aon chomhlacht a ngnó dátheangach a léiriú, próifíl ard a fháil dá gcuid gnólachtaí, poiblíocht leathan luachmhar a ghnóthú agus a chur ina luí ar Ghaeilgeoirí agus orthu siúd nach bhfuil Gaeilge acu, an t-ardmheas atá acu féin ar an nGaeilge agus chomh luachmhar agus atá sí dá ngnó. Tá áthas orainn chomh maith, go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag leanúint ar aghaidh lena dtacaíochta dúinn ar feadh dhá bhliain eile. Táimid fíor-bhuíoch dóibh agus do na hurraí go léir atá ag tacú leis an nGradam i mbliana. Braitheann rath agus forbairt an Ghradaim ar an tacaíocht sin.”

Cuireann Gaillimh le Gaeilge an tseirbhís ‘Gaeilge sa Ghnó’  ar fáil, saor in aisce do ghnólachtaí/d’eagraíocht chun cuidiú leo cur isteach ar an nGradam. Tá an Gradam oscailte d’ainmniúcháin anois go dtí 09 Feabhra 2012. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, déan teagmháil le do thoil le Gaillimh le Gaeilge ar: 091-568876, gearoidin@gleg.ie .  Is féidir iontráil a dhéanamh  ar líne chomh maith  anseo.

    Catagóir/Category: Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh

    Comments are closed.