Bíodh an Ghaeilge ar do liosta an Nollaig seo

Agus gnólachtaí mórthimpeall na cathrach ag ullmhú anois don Nollaig, bí cinnte go bhfuil comharthaí agus beannachtaí Nollag thuas agat i nGaeilge nó go dhátheangach. Is féidir an Ghaeilge a shní isteach go han-éasca in aon ngnó i rith na Nollag chun custaiméirí a mhealladh isteach agus gnó a dhéanamh le Gaeilgeoirí a bheas ag siopadóireachta don Nollaig. Féach roinnt beannachtaí thíos:

Nollaig Shona
Merry Christmas

Nollaig Shona agus Athbhliain faoi Mhaise
Merry Christmas and a Happy New Yearwp_20161116_001

Beannachtaí na Nollag
Christmas Greetings

Nollaig Shona agus Athbhliain faoi mhaise dár gCustaiméirí go léir
Happy Christmas & a Healthy & Prosperous New Year to all our Customers

Beannachtaí an tSéasúir
Season’s Greetings

Nollaig faoi Shéan ‘s faoi Mhaise
Christmas Greetings

Nollaig Shona agus Athbhliain faoi Shéan is faoi Mhaise Duit
Wishing You Peace and Happiness for Christmas and the New Year

Ba mhaith le [ainm an chomhlachta] Nollaig Shona agus Beannachtaí na hAthbhliana
a ghuí ar ár gcuid Custaiméirí go léir
[The Company name] wish all our customers a Merry Christmas and a Happy New Year

*********

Molann Gaillimh le Gaeilge aon ábhair dhátheangacha a  sheoladh chuig eolas@gleg.ie roimh dul i gcló.

 

Catagóir/Category: News

Comments are closed.